Haigh! Is mise Emily
Is mise maisitheoir agus dearthóir táirgí, agus bhunaigh mé Oileán Álainn chun oileáin chósta na hÉireann a cheiliúradh trí dhearadh comhoibríoch atá dírithe ar an bpobal.
Bhí mo chéad eachtra oileánach agam deich mbliana ó shin nuair a chuir mé cos ar Inis Toirc den chéad uair. Ba ansin a chonaic mé an meascán speisialta sin de phobal, oidhreacht, áilleacht nádúrtha agus suaimhneas a dhéanann aon chuairt ar oileán chomh speisialta sin.
Ó shin i leith, agus mé tar éis cuairt a thabhairt ar go leor oileán eile, tá tuiscint níos doimhne faighte agam ar cé chomh speisialta is atá gach oileán, agus féiniúlacht agus carachtar ar leith ag gach ceann acu, ó thaobh an dúlra agus na ndaoine dearaon.
Tugann an tionscadal seo mo ghrá do dhearadh, do scéalaíocht agus don dúlra le chéile in aon rud amháin a nascfaidh daoine (tá súil agam!) le hoileáin chósta na hÉireann ar bhealaí nua agus bríomhara.
Agus Inis Toirc tar éis feidhmiú mar oileán píolótach, tá an tionscadal seo fós sna céimeanna tosaigh. Mar sin, lean mé agus mé ar an aistear seo ag iarraidh gach oileán áitrithe amach ó chósta na hÉireann a léiriú.
Le grá,
Emily